|
Fáilte go Béal Átha’n Ghaorthaidh, atá suite ar bruach
na Laoí. Gheibheann sí a h-ainm mar a bhfuil sí suite ag béal an
Ghaorthaidh, a shineann soir go Droichead Maigh Cluain Aodh, le hais
Mhaigh Chromtha. Bhí sean Átha ait a bhfuil an sraid anois a chabhraig len
ár sean-mhuintir an Bun Síleann a treasnu san am anallód.
Tá Béal Átha’n Ghaorthaidh mar chuid de Pharóiste Uibh Laoire a sníonn ó
Cúm Rua, thiar ó Ghuagán, chomh fada leis an nGaorthadh ag Droichead Na
Toinne. Tá an-cháil ag an nGaorthadh cheanna de bharr an luibheolaíochta
agus ó thaobh na fiandheatha dhe.
Tá Locha Lua soir ó Bhéal Átha An Ghaorthaidh agus síneann said chomh fada
soir le h-Inse Geimhleach.
Deirtear gur ruaig Naomh Fionnbarra an t-arrachta Lua ó Loch Irce sa
nGuagán agus gur ghearr sé gleann na Laoí amach ar a shlí dhó amach Cuan
Chorcaí, más fíor scéal!
Áiteacha Suimiúla
1. Guagán Barra; Seo an áit a chónaíodh Naomh Fionnbarra ins an
Seachtú aois agus ba ann a bhunaigh sé a mhainistir. In dhiaidh sin
bhunaigh sé cathair Chorcaí. Chónaigh Tadhg Ó Buachalla agus a bhean Ansty,
lastoir den nGuagán i nGaorthadh na Péice. Scriobh Eric Cross leabhar ina
dtaobh dharbh ainm “The Tailor and Ansty”.
An Phairc Náisiúnta; Tá an Phairc Náisiúnta seo
síar ón nGuagán i gCúm Rua. Is í an chéad Pháirc Fhoraoise Náisiúnta a
chruthaíodh in Éirinn.
2. Céim An Fhia; Conar é seo a ghearr abha a shíníodh amach as loch
a bhí laisteas i nGleann h-Abhann Meáine le linn na hóighearaoise
deireannaí. Tá an-cháil air ó thaobh an Geograife dhe agus glaotar Clais
Scéithe air. Scríobh Máire Bhuí Ní Laoghaire dán, “Cath Céim An Fhia”,
faoi scliúchas a tharla ann idir na Gíománaigh agus Buachaillí Na Carraige
sa bhliain 1822 agus tá an-cháil ar mar dhán.
3. Na Céimeanna; Droichead cloch é seo atá in
aice an tsráid. Tá cúpla ceann eile sa dúthaigh chomh maith – ceann amhain
thuas i Ros a’Locha thar Abha Na Sroine.
4. Béal a’Ghleanna; Tá leacht cuimhneacháin anseo
ag déanamh comóradh ar fhir a ghlac páirt i luíochán – an chéad cheann – i
gCogadh Na Saoirse sa bhliain 1918.
5. Oiléan Uí Mheihigáin; Crannóg é seo atá suite
i Locha Lua sa áit go snionn Abha Atha Na Cinniartha isteach iontu. ‘Sé an
t-aon chrannóg amháin i gCo. Chorcaí é.
6. Coláiste Na Mumhan; Bunaíodh an Coláiste sa
bhliain 1904. B’é an chead choláiste samhraidh d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge.
Tá an foirgneamh suite trasna an bhóthair ó Oifig a’Phoist. Tagann isteach
is amach le 400 dalta go dtí an Coláiste nua soir an tsráid gach bliain.
7. Ó Súilleabháin Béara; Oiche Coille na bliana
1602 ghaibh DónalCám Ó Súilleabháin Béara tré Bhéal Átha’n Ghaorthaidh
maraon le 1000 dá lucht leanúna ar a gcúl-throid iomráiteach ó Dhun Baoi i
leithinis Bhéara go dtí Co. Liatroma. Shuíodar campa ag Teampaillín
Eachrois ~ sean séipéal atá ina fothroach anois agus atá timpeall dhá
mhíle slí lastuaidh den sráidbhaile. Briseadh cos capall Dónail ar an slí
go Baile Bhúirne. Bhí eas san áit ar briseadh an chos agus tá “Easach Na
Circe” mar ainm air ó shin. “Cearc” an t-ainm a bhí ar an gcapall, ar
dóigh. Tá sceál eile ann gur bádh an Cearc i bpoll pórtaigh. Glaotar Poll
Na Circe ar an bpoll ó shin i leith. Ag deireadh a dturais níor mhair ach
cúigear déag ar fhicéad den mhíle duine.
8. An tSeanchearta
9. An Pota Gorta
Visitors Guide
Welcome to Béal Átha’n Ghaorthaidh (Ballingeary), situated on the banks of
The Lee, Co Cork,s principal river. It’s name in Irish, ‘Béal Átha an
Ghaorthaidh’, means ‘the ford at the mouth of the wooded valley through
which flows a river’.
Ballingeary is part of the Parish of Uibh Laoire, the ancient home of the
O’Leary family. Uibh Laoire stretches from Gougane Barra, a beautiful
valley four miles west of Ballingeary, to The Gearagh, an ancient wooded
area, now a nature reserve, twelve miles to the east.
Just east of Ballingeary the River Lee widens into Locha Lua, ‘the Lakes
of Lua’ which extend from Ballingeary to Inchigeela, our sister village in
the Parish Of Uibh Laoire. St Finbarr is reputed to have banished the
serpent Lua from Gougane Barra Lake. The course the serpent was forced to
take to Cork Harbour is now the valley of the River Lee.
Places of Interest;
1. Gougane Barra. This beautiful mountain valley was home to St.
Finbarr in the 7th Century. He afterwards founded Cork City. Gougane was
also home to the celebrated Tim Buckley and his wife, subjects of Eric
Cross’s The Tailor and Ansty.
Páirc Naisiunta/ Forest Park. West of Gúgán Barra lies Cúm Rua, site of
Ireland’s first Forest Park
2. Céim An Fhia (The Leap Of The Deer) /The Pass of Keimaneigh.
This mountain pass on the R584 road to Bantry was immortalised by local
poet Máire Bhuí Ní Laoire in her poem Cath Céim An Fhia, an account of a
battle in 1822 between Local Whiteboys and Yeomen supported by British
soldiers. An overflow channel from a glacial lake during the last Ice Age
formed the Pass.
3. Na Céimeanna, (Clapper Bridge). This ancient stone bridge is
only 200 yards from this Park and crosses the River Lee. This
fine example of a clapper bridge is 1 of 10 remaining in Munster.
4. Béal an Ghleanna/Mouth of The Glen; A monument marks the
position of where the first engagement of the War Of Independence occurred
on 1918
5. Oileán Uí Mheihigáin; This man made island or ‘crannóg’ in Locha
Lua is the only one of its kind in Co. Cork.
6. Coláiste Na Mumhan; Irelands first Irish language college was
established in Ballingeary in 1904 across the road from the local Post
Office. The present Coláiste welcomes 400 students each summer.
7. O’Sullivan Beara; On New Years Eve 1602 Donal O’Sullivan Beara
and his 1000 followers passed through Ballingeary on their celebrated
forced retreat from their home on the Beara Peninsula to Co. Leitrim. They
camped at Teampaillín Eachrois, a ruined church two miles north of
Ballingeary. At the end of their two-week ordeal only 35 reached their
destination in O’Rourke’s Castle in Leitrim Village.
8. The Forge
9. The Famine Pot
|